Ceithre scór is breis marbh i bhforneart nua i gCaireo, bailte eile

De réir na gcéad tuairiscithe maraíodh 80 duine ar a laghad nuair a tharla caismirtí in aice le cearnóg Ramses i gCaireo. Meastar go rachaidh an líon marbh in airde agus tá tuairiscithe de fhorneart is marú i roinnt bailte eile. Faoi luath tráthnóna bhí foinsí slándála ag cur in iúl gur maraíodh os cionn 50 duine cheana féin inniu. Chuir an rialtas, atá faoi smacht ag an arm, go bhfuil an pobal ag seasamh gualainn ar ghualainn leis an arm is leis na péas i gcoinne sceimhle an Bhraithreachais Moslamaigh. Ghairm an Iodáil cruinniú ar leith le hAmbasadóir na hÉigipt le cur in iúl go raibh forneart marfach i gcoinne léirsitheoirí doghlactha agus chuir Angela Merkel in iúl go bhfuil an Ghearmáin chun a gcaidreamh leis an Éigipt a athmheas i bhfianaise na radharcanna atá le feiceáil i gCaireo le roinnt laethanta anuas. Bhí cáineadh ó roinnt tíortha eile san Eoraip agus san Afraic ach dúirt rialtas an Araib Shadaigh go bhfuil siad ag seasamh gualainn ar ghualainn le pobal na hÉigipte agus iad ag tabhairt droim láimhe do lucht sceimhle. Ar maidin d’fhógair duine de na hurlabhraithe is aitheanta ag an National Salvation Front, dream atá naimhdeach don Braithreachas Moslamach agus tuisceánach don arm, d’fhógair sé go bhfuil sé ag éirí as. Tá Khaled Dawoud ar na hÉigiptigh is aitheanta ar theilifís san Iarthar ach dúirt sé ar maidin nach dtiocfadh leis fanacht leis an Fronta i ndiaidh dóibh fanacht ina dtost faoin arm is péas a bheith ag marú oiread sin sibhialtach an tseachtain seo.

Scríofa ag ar 16.08.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Ceithre scór is breis marbh i bhforneart nua i gCaireo, bailte eile”

  1. *******************************************

    Caoga ‘Domhnach na Fola’ san Eigipt — 700 marbh agus níos mó ná 1000 gortaithe

    Rinne an t-Airm slad Dé Ceadaoin ar lucht agóide agus arís inniu mharaigh said daoine gan airm i gCearnóg Ramses i gceartlár Caireo

    Cá háit a bhfuil na hagóidí in aghaidh an áir seo ar fud an Domhain san Iarthar ???

    Abair gur tharla seo i Londain nó New York nó i bParis !!!

    Is cosúil go bhfuil na Meáin Chumarsáide ar nós cuma liom agus claonta.

    Chomh maith le sin, cá háit a bhfuil Daonlathaigh na Stáit Aontuithe, na Breataine agus an Iarthair anois ???

    Chomh fada liomsa de tugaim mo thacaiocht céad faoin chéad do ChomhBhráithreachas na Muslamach agus don ChomhGhuaillíocht Frith-Coup in aghaidh an Airm agus na bPéas a ghlac seilbh ar an Tír go mídhleathach.

    Is mise le meas,
    Mac na Réabhlóide,
    Dónall Mac Billing.

    *******************************************************************

  2. Pól Réamainn

    Nach bhfuil sé go hiontach a fheiceáil an arm hÉigipte ag cosaint na luachanna saolta?

Tabhair Freagra

© Nuacht24