Scoil Chonaill ag ceiliúradh leathchéad bliain


Mar pháirt de cheiliúradh leathchéad bliana Scoil Chonaill, An Bun Beag tá
sraith imeachtaí eagraithe don deireadh seachtaine, 14ú-16ú Bealtaine, 2010.

Cuireann Bord Bainistíochta agus Coiste Tuismitheoirí na Scoile, fáilte
roimh an nuacht ón Roinn Oideachais & Scileanna, go mbeidh an Aire
Oideachais agus Scileanna, An Tánaiste Máire Uí Chochláin, T.D., I láthair
mar aoi-spéisialta do bhuaicpointe na deireadh seachtaine, Dinnéar agus
Damhsa Céiliúrtha na scoile, a bhéas ar siúl in Óstán Ghaoth Dobhair ar an
Satharn 15ú Bealtaine ag 8.00 i.n.

Faigh le seo, clár imeachtaí atá eagraithe mar pháirt de cheiliúradh an
leathchéad. Tá cuireadh croíúil a thabhairt ag Bord Bainistíochta agus
Coiste Tuismitheoirí na Scoile don phobal ina iomláine chuig na himeachtaí
éagsúala agus tá súil a fhios againn go mbeidh an pobal páirteach agus muid
ag ceiliúradh dúchas agus cinniúint na scoile le caoga bliain slánaithe.
14ú – 16ú Bealtaine 2010
Dé  hAoine 14 Bealtaine @ 11.00 r.n. – BARRSCÉALTA,      *

RTÉ Raidió na Gaeltachta* i Scoil Chonaill, An Bun Beag,

Fáilte roimh achan duine.

Dé hAoine 14 Bealtaine @ 8.00 i.n. – *CEOLCHOIRM NA SCOILE, le paistí agus foireann na Scoile,
Ionad an Acadaimh: Gaoth Dobhair,
8.00in

Céad Isteach: Daoine fásta €5 & Paistí €2

Fáilte roimh achan nduine.

Dé Satharn 15 Bealtaine @ 2.00 in – *TAISPEANTÁIS, (Rollaí Scoile,
Grianghraif, Ealaín...)                   *

I Scoil Chonaill, An Bun Beag.

*Saorchead Isteach – Fáilte roimh achan nduine, Sólaistí ar fáil
Dé Satharn 15 Bealtaine @ 8.00 i.n. – DINNÉAR, DAMHSA & CEOL,

*Óstán Ghaoth Dobhair, Aoi-Spéisialta, An Tánaiste Máire Uí Chochláin, T.D.

Ticéad €30 - Fáilte roimh achan nuine. 

Dé Domhnaigh 16ú Bealtaine @ 11.30 r.n -  AIFREANN CHEILIÚRTHA,
Teach Pobail Mhuire, Craoladh Beo RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fáilte roimh achan duine

Tuilleadh eolais & Ticéad ó Shíle: 074-9532535 / scoilchonaill.ias@eircom.net*

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 04.05.2010 Rannóg gaeilge, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24