SCANNALACH DEIREADH A CHUR LE DEONTAS GAELTACHTA NA nÁBHAR OIDÍ,

Preas ráiteas

 

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cur go tréanláidir i gcoinne chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

 

Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, ach tugadh le fios ag seisiún eolais i Sráid Marlboro ar an 05 Nollaig 2011 go mbeadh deireadh leis na deontais seo chun airgead a shábháil.

 

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Agus fadhbanna tromchúiseacha cheana féin ag baint le múineadh na Gaeilge i scoileanna timpeall na tíre i láthair na huaire, ghlac an Rialtas céim ollmhór chun tosaigh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 chun na fadhbanna seo a réiteach nuair a mhol siad go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht agus go deimhin, go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta.”

 

Anuas air sin, sna treoracha agus sa chritéir nua a d’eisigh An Chomhairle Mhúinteoireachta do na coláistí oiliúna, moladh: Ba chóir do chláir tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoinceapaithe, a chur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoirí. Cuireadh coiste ar bun leis na moltaí seo a fhorbairt.

 

Arsa de Spáinn: “Céimeanna móra chun tosaigh a bhí sa dá mholadh seo chun feasacht agus scileanna cumarsáide Gaeilge ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileanna na deontais ó na mac léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta.”

 

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeadh níos mó ama á chaitheamh ag ábhar oidí sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas, agus bhí an dá eagras an-sásta leis na moltaí san áireamh ag an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta; molann na heagrais freisin go mbeadh an tréimhse Ghaeltachta seo le déanamh ag mic léinn ag tús na céime chun gur féidir leo leanúint leis na caidrimh lena gcomhghleacaithe nua i nGaeilge i ndiaidh an chúrsa.

 

Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhra Ghuth na Gaeltachta: “Más sábháil airgid atá á lorg ag an Rialtas trí dheireadh a chur leis na deontais do na cúrsaí Gaeltachta, a mhalairt ar fad a bheidh mar thoradh air. Go fadtéarmach, cosnóidh sé níos mó airgid ar an Stát chun toradh an drochchinnidh seo a chur ina cheart nuair nach mbeidh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil a dhóthain leis an teanga a mhúineadh sna scoileanna amach anseo. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá sé deacair a shamhlú go mbeidh sé d’acmhainn ag ábhair oidí iad féin íoc as cúrsaí sa Ghaeltacht.

 

“Chomh maith leis sin, cuireann na cúrsaí seo go mór le geilleagar na Gaeltachta ó thaobh na Mná Tí, siopaí áitiúla, múinteoirí agus fostaithe eile na gColáistí Gaeilge de.”

 

Lean Mac Niallais: “Is cúis díomá mhór dúinn é go bhfuil easpa comhordú ag dul ar aghaidh idir na codanna éagsúla den Rialtas i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge. Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 de chuid an Rialtais ag moladh cur leis na cúrsaí agus iad a fhorbairt agus an comhlacht reachtúil, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ag tacú leis sin. Ag an am céanna, tá An Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh an bonn a bhaint den obair bhreá atá ar siúl acu. Cheap muid go raibh an Straitéis ann le treoir shoiléir a thabhairt do na Ranna éagsúla Stáit agus a bpáirtnéirí, ach ní mar sin atá sé ag feidhmiú faoi láthair.”

 

Scríofa ag ar 07.02.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

4 Nóta Tráchta ar “SCANNALACH DEIREADH A CHUR LE DEONTAS GAELTACHTA NA nÁBHAR OIDÍ,”

  1. Séamus Mac Seáin B'Feirste

    tá an litir scríofa agus an gearán déanta. an sin é? Nach dóigh libh go bhfuil an” straitéis 20 bliain” marbh faoin am seo agus cúrsaí eacnamaíochta mar atá? In ainm croim tá an rialtas seo ag dul a ghearradh 50 Euro ar dhaoine sular féidir leo dul chuig an leithreas agus tá sinne go fóill ag ceapadh go dtig tabhairt orthu airgead a chaitheamh ar an straitéis. Da mbeadh “Gluaiseacht” againn mar is ceart bheadh na “Feidhmeanaigh”, atá beo ar cur chun cinn na teanga ( agus tá go leor acu ann), bheadh siad i gceann a chéile cheana féin ag dréachtú staitéis nua a bheadh beag beann ar railtas ag an am seo agus fócas amháin ann le sinn a thabhairt thart ar an éigeandáil seo. Iomlán ar gcuid achmhaínne agus fuinnimh a chuir taobh thiar de “GAELTACHT AGUS GAELSCOLAÍOCHT” b’fhéidir agus gach rud eile a a fhágáil go dtiocfaidh biseach ar chúrsaí eacnámaíochta agus moratóriam ag cur láitreach ar “Comhdhálacha, Siompósia, Séiminéirí agus Tostálacha” nach bhfuil dírithe ar Ghaeltacht nó Ghaeloideachas.

  2. Táimíd ag maireachtaint sa ré iar dheontais anois a Shéamuis. €1000 a chosnóidh sé ar an ábhar oide freastal ar chúrsa 3 sheachtain sa Ghaeltacht. Anois níl a fhios agamsa an cúrsa nó saoire a raibh i gceist – ach ba léir ná raibh morán tairbhe á bhaint ag na micléinn a d’fhreastal ar na cúrsaí seo astu. Sílim go m’bhfearr seachtain mhaith lán le foghlaim ná trí sheachtain de ragairne.
    Creidim, mar a deir tú, go bhfuil sé in am bheith ag smaoineamh as an nua. Ní fiú bheith greamaithe sa chiogal seo – ciorrú fógraithe, feachtas fógraithe. Béimid de shíor sáite i bhfeachtas agus ní bheidh faic eile ar siúl againn. Is fánach an feachtas a bheidh ann. An rud ar ghá dúinn a dhéanamh ná beartú chun tosaigh gan tacaíocht an rialtais a chur san áíreamh. Agus nuair a thagann an Rialtas chugainn amach anseo ag iarraidh cabhrú linn, mar gur mhaith leo bheith Gaelach arís, iad a chur ó dhoras.
    Níl ach feachtas amháin atá suim agam ann, an feachtas ar son na scoileanna Gaeltachta agus eile a choimeád ar oscailt agus, go deimhin, breis tacaíochta a thabhairt dóibh. Na feachtais eile seo – ar son an Choimisinéara etc – cur amú ama agus dúthrachta atá iontu.
    B’fhéidir gurb é seo an rud is fearr a thit amach don Ghaeilge riamh…..

  3. Séamus Mac Seáin B'Feirste

    is é a bhfuil de thabhacht leis na cúrsaí Gaeltachta seo a Choncubhair a chara ná an t-airgead a chuireann siad isteach i ngeileagair na gceantracha éagsúla Gaeltachta agus ní ar na cúrsaí iad féin is dóigh liom. Cibé airgid atá ar fáil ba cheart é a chaitheamh ar chúrsaí a bhaineann le hábhar ó thaobh na Gaelscolaíochta de agus ní ar an Ghaeilge a theagasc do dhaoine nach bhfuil suim da laghad acu san abhar ach gur bhreá leo cúpla seachtain de shaoire. An mbeadh aird ag lucht scríofa na litreacha seo ar a leithéid de FÓCAS dar leat?

  4. Concubhar

    Lucht na Gaeilge an dream is mó riamh a thugann tacaíocht do “Status Quo’. Ach tá an status quo marbh – agus ní féidir é a thabhairt ar ais. Tá orainn cluiche nua a imirt.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24