Samsung chun achomharc a dhéanamh

Deir an comhlacht Samsung go ndéanfaidh siad achomharc i ndiaidh do chúirt i gCalifornia ordú dóibh $1.5 billiún de chúiteamh a íoc leis an chomhlacht Apple as goid dearadh ó Apple. Dar le Samsung nach fíor seo agus beid siad ag cur achomharc i láthair na cúirte go luath. Ar na mallaibh riailigh cúirt sa Choiré Theas go raibh an dá chomhlacht ag goid óna chéile agus shocraigh cúirt sa Bhreatain nach raibh bunús ag cás Samsung i gcoinne Apple. Ach feictear bua Apple i gCalifornia mar bhua cinniúnach a neartóidh stádas Apple go mór sa mhargadh idirnáisiúnta.

Scríofa ag ar 25.08.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24