Rudd ina cheannaire nua ar Pháirtí an Lucht Oibre san Astráil

Is é Kevin Rudd ceannasaí nua ar Pháirtí an Lucht Oibre na hAstráile. Trí bliain ó shin bhain an Príomh Aire reatha, Julia Gillard, an ceannasaíocht de Kevin Rudd. Ach inniu bhain Kevin Rudd an vóta ceannasaíochta 57 i gcoinne 45 vóta agus beidh seisean ar ais ina cheannaire arís. Ní dhéanfar Príomh Aire dó go fóill áfach nó caithfidh Julia Gillard scríobh chuig ArdGobharnóir na hAstráile, Quentin Bryce, le cur ar a súile dó go bhfuil sí chun éirí as. Ceapfar Kevin Rudd ar ball ach ní bheidh an dúrud ama aige sa phost sula mbeidh toghchán ann ar 14 Meán Fómhair. Thug Julia Gillard le fios roimh vóta an lae inniu go n-éireodh sí as an pholaitíocht ar fad dá gcaillfeadh sí sa vóta.

Scríofa ag ar 26.06.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Rudd ina cheannaire nua ar Pháirtí an Lucht Oibre san Astráil”

  1. Fearn

    An bhfuil Rudd ina rud maith?

Tabhair Freagra

© Nuacht24