Rudd éirithe as – comórtas do Phríomh Aireacht na hAstráile?

D’éirigh Aire Gnóthaí Eachtracha na hAstráile Kevin Rudd as inniu agus tuairimíocht láidir ann go bhfuil sé chun dúshlán an Phríomh Aire reatha, Julia Gillard, a thabhairt. Bhí Kevin Rudd sna Stáit Aontaithe nuair a thug sé le fios go bhfuil sé chun éirí as cionn is nach bhfuair sé an tacaíocht chuí ón Phríomh Aire Gillard. Dar le Julia Gillard nach raibh barúil aici go raibh sé chun éirí as. Ní raibh Kevin Rudd sásta tuairimíocht a dhéanamh faoina bhfuil i ndán dó ó tharla go bhfuil sé i Meiriceá. Ach dar leis go ndéanfaidh sé ráiteas ar fhilleadh chun na hAstráile dó. Cé go bhfuil Rudd agus Gillard sa pháirtí céanna tá nimh san fheoil acu dá chéile mar gheall ar an dóigh ar bhrúigh Julia Gillard Kevin Rudd as oifig in 2010 nuair a bhí seisean ina Phríomh Aire.

Scríofa ag ar 22.02.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Rudd éirithe as – comórtas do Phríomh Aireacht na hAstráile?”

  1. an tAstrálach

    Rogha an dá dhíoga a bheas ann.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24