Robinson ag cluiche CLG

D’fhreastal Peter Robinson aréir ar chluiche de chuid an CLG den chéad uair riamh. Bhí sé i gcuideachta Martin Mc Guinness agus oifigigh sinsearacha an CLG i gCúige Uladh do chluiche ceannais Chorn Mhic Cionnaith idir Tír Eoghain is Doire. Bhain Tír Eoghain. Ba é an chéad uair do cheannaire an DUP freastal ar chluiche CLG agus dar leis go bhfuil an CLG i ndiaidh cruthú gur mhaith leo dul chun tosaigh ar bhealach dearfach agus gurb é sin mian s’aige agus mian an phobail.

Scríofa ag ar 29.01.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24