Rith – réidh le dul le deaghuí an Uachtaráin

Inniu in Áras an Uachtaráin, bhronn An tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa teachtaireacht dóchais don Ghaeilge ar Rith 2010 – teachtaireacht a bheidh taobh istigh de bhata sealaíochta a bheidh á n-iompar ag na rannpháirtithe le linn Rith 2010. Tosóidh Rith 2010 ar an 9 Márta i mBéal Feirste agus críochnóidh sé ar Lá Fhéile Pádraig i nGaillimh, mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge.
Tagann an smaoineamh taobh thiar de Rith 2010 ón bhféile Korrika a tharlaíonn gach dara bliain i dTír na mBascach ó 1980. An bhliain seo caite ghlac 600,000 duine páirt i Korrika agus bíonn ceol agus imeachtaí cultúrtha lárnach sa bhféile chéanna.
“Táimid lán-sásta gur thug An tUachtarán a tacaíocht dúinn trí bualadh linn inniu agus an teachtaireacht a scríobh dúinn,” a dúirt Siobhán Seoighe, Bainisteoir Imeachta, Rith 2010. “Táimid uilig ag tnúth go mór leis an teachtaireacht a chloisteáil ar Lá Fhéile Pádraig i nGaillimh. Tá sé feicthe againn mar a dhéanann Tír na mBascach ceiliúradh ar a gcuid teanga agus cultúr ar na sráideanna agus shocraíomar é a thriail anseo in Éirinn. Is ceiliúradh é seo ina mbeidh na mílte duine in ann a mbród a léiriú i leith na Gaeilge,” a dúirt sí.
Is féidir le grúpaí pobail, scoileanna, clubanna, nó daoine aonair páirt a ghlacadh i Rith 2010 ar iliomad bealaí – téigh chuig http://www.rith.ie/.
Chomh maith leis an rith é féin, beidh neart imeachtaí ar siúl timpeall na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Mar sin, tacaigh leis an nGaeilge agus tar amach le linn na coicíse – beidh neart craic, ceol agus, ar ndóigh, Rith i gceist. Tá Rith 2010 maoinithe i bpáirt ag Foras na Gaeilge.

Scríofa ag ar 08.03.2010 Rannóg gaeilge, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24