Rialú cinniúnach ó Chúirt Uachtarach Mheiriceá

Shocraigh Cúirt Uachtarach Mheiriceá inniu gan seasamh le dlí a dearbhaíonn gur ionann pósadh agus pósadh idir fear agus bean. Votáil cúigear breitheamh i gcoinne seasamh leis an dlí, ceathrar ar a shon. Shocraigh an Chúirt nach dtugann an dlí, DOMA, Defence of Marriage Act, cosaint cothrom do lánúnacha chomhghnéis.  Tá impleachtaí móra leis an rialú maidir le stádas do lánúnacha chomhghnéis agus maidir leis na liúntais feidearálacha a mbeidh lánúnacha chomhghnéis i dteideal a fháil feasta.

Scríofa ag ar 26.06.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Rialú cinniúnach ó Chúirt Uachtarach Mheiriceá”

  1. Fearn

    B’fhéidir go bhfuil daoine aeracha ina bhfíordhaoine!! :-)

  2. Pól Réamainn

    Faoi dheireadh, dea-scéal ón Mheiriceá.

Tabhair Freagra

© Nuacht24