Rialú cinniúnach ó Chúirt Uachtarach Mheiriceá
Shocraigh Cúirt Uachtarach Mheiriceá inniu gan seasamh le dlí a dearbhaíonn gur ionann pósadh agus pósadh idir fear agus bean. Votáil cúigear breitheamh i gcoinne seasamh leis an dlí, ceathrar ar a shon. Shocraigh an Chúirt nach dtugann an dlí, DOMA, Defence of Marriage Act, cosaint cothrom do lánúnacha chomhghnéis. Tá impleachtaí móra leis an rialú maidir le stádas do lánúnacha chomhghnéis agus maidir leis na liúntais feidearálacha a mbeidh lánúnacha chomhghnéis i dteideal a fháil feasta.
B’fhéidir go bhfuil daoine aeracha ina bhfíordhaoine!!
Faoi dheireadh, dea-scéal ón Mheiriceá.