Rialacha nua do lucht foghlama

Tá srianta nua le tabhairt isteach i mí Nollag na bliana seo chun a chinntiú de go bhfuil oiliúint cheart ar dhaoine atá ag foghlaim tiomána. Thug an tÚdaras um Shábháilteacht ar Bhóithre le fios inniu go bhfuil siad ag tabhairt isteach naoi riail nua i gcás iad sin atá ag foghlaim tiomána. I measc na níthe atá beartaithe beidh achar 16 uair a chloig de thraenáil le teagascóir de dhíth ar dhuine atá ag iarraidh ceadúnas foghlaimtheora. Beidh pointí pionóis dhá oiread níos mó ná mar atá anois ann do dhaoine a bhíonn ag tiomáint gan crios sábháilteachta nó ag úsáid fón póca agus iad ag tiomáint. Agus beidh teorainn alcóil nua ann, 20mg. Ní mór reachtaíocht nua chun cuid de na moltaí seo a chur i bhfeidhm agus mar sin tabharfar na rialacha nua isteach píosa ar phíosa idir seo agus deireadh na bliana seo chugainn.

Scríofa ag ar 01.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

4 Nóta Tráchta ar “Rialacha nua do lucht foghlama”

  1. séamus mac seáin

    is ag feadalaigh ag dul thart ar reilig atá sna riallacha seo. Tuilleadh maorlathais agus cur i gcéill le cuma a chur ar an rialtas go bhfuil siad ag déanamh rud éigin. An síleann duine ar bith dáiríre go mbeidh titim shubstainteach ar taismí bóthair de bharr na rialacha nua seo? Anois dá mbeadh sé de mhisneach ag an rialtas a rá leis na déantóirí gluaisteán go gcaitheadh siad gléas srianta luais 55 míle san uair a chur in achan charr nua a thiocfadh isteach sa tír agus deontas a thabhairt do úinéirí sean charr le ceann a chur isteach bheadh titim mór i líon na ndaoine a maraítear ar na bóithre taobh istigh de chúpla bliain. Sabháil do gach duine a bheadh ann ar bheatha agus ar bhrosla araon. ach ná bí ag súil leis go luath.

  2. curlecheile

    Níl ann ach smaoineamh ach dá gcuirfí an dlí i bhfeidhm faoi mar a ba cheart – dá dtabharfadh na Gardaí tosaíocht don rud ní fada go rachadh an focal amach go bhfuil sé róchontúirteach a bheith ag tiomáint agus deoch ar bord nó dá réir. Agus cad faoin aois tiomána a ardú? Caithfidh daoine freagracht a ghlacadh as a n-iompar féin seachas an rialtas agus na déantóirí a bheith ag déanamh gach rud.

  3. séamus mac seáin

    níl aon amhras ann dá mb

  4. séamus mac seáin

    is cosúil nach bhfuil go leor gardaí ann, a curlecheile a chara, leis an dlí a chur i bhfeidhm áit ar bith sa tír agus ní bheinn ró chinnte go dtig le daoine a bheith céillí go leor faoi luas le gearradh siar air ach murar féidir le carr dul ró ghasta níl fadhb ann. Is féidir nach laghdófaí líon na dtaismí de bharraíocht le hísliú luasa ach is cinnte laghadófaí líon na mbásanna nó tá cruthaithe go nardaíonn bás i dtaisme de réir an méid luasa atá duine ag déanamh. I dtaca le déantóirí de is iad amháin a dtig leo na fearais a chur isteach sna cairr a stopfadh an ró luas. Tá an iomarca óil ina chúis le cuid mhóir taismí sa tír seo fosta faraor ach má’s féidir leo carr a dhéanamh nach dtig a thoiseacht gan an crios sabhála a bheith ceangailte is cinnte go dtiocfadh a theacht ar bhealach éigin le nach dtiocfadh carr a thoiseacht má tá boladh alcóil sa charr. Is scéal eile ar fad iad na drúgaí, Is smaointeacha radacha iad sin ach gan rud éigin radacach dar liom nach bhfuil sna rialacha nua ach cur i gcéill

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24