Redknapp, O’Neill á lua mar chomharba ar Capello

Harry Redknapp an mór rogha chun teacht i gcomharbacht ar Fabio Capello i ndiaidh do bhainisteoir fhoireann sacar Shasana éirí as a phost aréir. Bhí an tUasal Capello thar a bheith míshásta faoi chinneadh FA Shasana cosc ar John Terry a bheith ina chaptaen ar fhoireann Shasana. Dar le Capello gur faoi féin é socrú cé a bheadh ina chaptaen agus luaigh sé nach raibh aon triail ag Terry go fóill, rud a chiallaíonn go bhfuil sé neamhchiontach de réir dlí. Beidh triail ann i mí Iúil. Bhí an cuma ar an scéal nach raibh sé ar intinn aige éirí as a phost nuair a bhuail sé leis an FA aréir. Ní raibh dlíodóir ná comhairleoir leis nuair a bhuail sé leo. Ach tamall beag ina dhiaidh tugadh le fios go raibh sé i ndiaidh éirí as. Láithreach bonn tosaíodh ar an tuairimíocht láidir go dtiocfaidh Harry Redknapp i gcomharbacht air agus tá roinnt imreoirí mór le rá i Sasana, Wayne Rooney agus Rio Ferdinand ar bheirt acu, i ndiaidh tacú leis an smaoineamh sin. Luadh ainm Martin O’Neill lena chois ach dúirt O’Neill roimhe seo go ndearna sé drochagallamh don jab nuair a cuireadh faoi agallamh é roinnt blianta o shin agus go bhfuil sé in amhras go dtiocfadh leis dul faoi agallamh ar dhóigh a shásódh an FA. Níl sé ach cúpla mí go mbeidh Corn na hEorpa ann agus fágann imeacht Capello foireann Shasana ina cíor thuathail arís eile agus iad ar tí a bheith páirteach i mórchomórtas sacair.

Scríofa ag ar 09.02.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24