Rásaí na Gaillimhe ar ais ar TG4

Sheol an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, TD  an dara sraith sa ngreanndráma fuinniúil, seacht bpáirt seo ag nuacht-ócáid in Óstán Buswell i Sráid Theach Laighean, inniu.

 

Deimhníonn na carachtair agus na heachtraí sa tsraithdhráma seo go bhfuil bunús maith leis na finscéalta ar fad a chloistear faoi imeachtaí na Féile Rásaíochta seo cois Coiribe gach Samhradh.   Bailíonn  an uile chineál duine ag na Rásaí, idir pholaiteoirí gan scrupall, mharcaigh chumasacha, gheallghlacadóirí gan náire agus  thraenálaithe  tarcaisneacha.   Ní ar scáth a chéile a mhaireann na daoine seo ach faoi scáth ag a chéile go minic.

 

Thuill an chéad sraith den dráma, i bhFómhar  2009, moladh mór, duais aitheanta IFTA agus lucht féachana ollmhór do TG4.   D’fhéach  223,000 duine ar chuid éigin den chéad chlár den tsraith  sin agus  92,000 duine ó thús deireadh, ar an meán.  B’é seo an lucht féachana ab airde riamh do dhráma bunaidh ar TG4, roimhe ná ó shin.  Chruthaigh an chuid eile den séasúr sin go maith freisin agus 200,000 duine ar an meán ag féachaint ar chuid éigin de na heagráin eile.

 

Tabharfaidh an tsraith nua suas chun dáta muid i saol Ultan Keane (Don Wycherley), polaiteoir a bhí tráth ina Aire Rialtais ach atá anois, mar a deirtear i saol na rásaíochta, tite go mór chun deiridh.    Tá fonn díoltais air agus é ag brath go mór i gcónaí ar a chúntóir dílis,  Creed (Tom Ó Súilleabháin) chun é a thabhairt slán.     Mar bharr ar an mí-ádh, tá na deartháracha achrannacha De Barra saortha as an ngéibheann.  Idir sin agus eile, beidh neart le déanamh ag Siobhán, (Carrie Crowley), an Garda atá ag iarraidh a chinntiú nach sáraítear aon dlí.

 

Ar nós na féile féin, tá greann, gruaim, gnéas agus gnaíúlacht sa tsraith nua seo Rásaí na Gaillimhe 2  agus cliar aisteoirí den scoth freisin: Don Wycherley, Tom Ó Súilleabháin, Carrie Crowley, Donncha Crowley, Eamonn Hunt, Owen Roe, Pádraic Ó Tuairisc, Sorcha Ní Chéide, Micheál Ó Dubhghaill,  Dylan Tighe, Séamus Hughes, Diarmaid Murtagh, Marcus Lamb, Gavin  O’Connor,  Eoin Mac Diarmada, Seán T Ó Meallaigh, Hughie Mc Garvey, Paddy C Courtney,  Aoife Nic Ardghail,  Maeve Fitzgerald agus Bríd Ní Neachtain.

 

Is é James Phelan a scríobh, Robert Quinn a stiúraigh agus Niamh Fagan a léirigh do Great Western Films, le maoiniú ó TG4, ón scéim Fuaim agus Fís ag Údarás Craolacháin na hÉireann  agus ó na beartais tacaíochta  don earnáil chlos-amharc atá ar fáil faoi Alt 481.

 

Craolfar Rásaí na Gaillimhe 2 ar TG4 gach Céadaoin ó 8 Feabhra  @ 9.30pm          (athchraolta ar an Satharn 9.20pm).

Scríofa ag ar 01.02.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Rásaí na Gaillimhe ar ais ar TG4”

  1. Tá suil agam nach mbeidh an dara sraith, breac lé béarla mar a bhí cead sraith.

  2. Mícheál

    Bhí orthú cuid mhaith Bearla a bheith sa chead t-sraith sa doigh agus go dtuigeadh muintir na Gaillimhe é.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24