Ranganna an fhómhair ag an Chonradh – lascaine

Cuirfear tús le ranganna oíche Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain dár tús 28 Meán Fómhair 2010 agus tá praghas laghdaithe á chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe arís i mbliana.

Cuirtear cúrsaí Chonradh na Gaeilge in oiriúint do shiollabais Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus beidh deis ag daoine scrúdú a dhéanamh chun an cháilíocht idirnáisiúnta seo a bhaint amach i gcomhar le hOllscoil Mhaigh Nuad, bunaithe ar na ranganna agus ar na himeachtaí teanga eile a chuirfear ar fáil i gcaitheamh an téarma.

Ní hamháin go bhfuil dualgais i leith na Gaeilge ag comhlachtaí poiblí in Éirinn agus san Aontas Eorpach, ach tá gnólachtaí príobháideacha idirnáisiúnta amhlaidh Microsoft, Samsung, Accenture agus fiú Facebook ag iarraidh buntáiste iomaíochta a thabhairt dóibh féin trí mheán na Gaeilge, mar sin níl am níos fearr ann snas a chur ar do chuid scileanna teanga le ranganna an Chonartha.

Beidh réimse cúrsaí á reáchtáil ag an gConradh le freastal ar gach leibhéal foghlaimeora sa phríomhchathair an fómhar seo, ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí cumasacha araon. Beidh rogha naoi leibhéal ar fáil ar an iomlán:

·         Tosaitheoirí 1

·         Tosaitheoirí 2

·         Bunrang 1

·         Bunrang 2

·         Meánrang 1

·         Meánrang 2

·         Ardrang 1

·         Ardrang 2

·         Rang Cruinnis

Téarma deich seachtaine go tús mí na Nollag atá i gceist le cúrsaí Chonradh na Gaeilge, le briseadh meántéarma ón 26 – 28 Deireadh Fómhair 2010, agus bíonn rang dhá uair a chlog ar siúl idir 7.00 agus 9.00in uair in aghaidh na seachtaine – Dé Máirt, Dé Céadaoin nó Déardaoin, ag brath ar an rang. Bíonn briseadh beag do chupán tae agus cleachtadh na gcúpla focal i gClub Chonradh na Gaeilge thíos staighre ag 8.00in mar chuid de gach rang freisin.

Tá costas €200 ar gach cúrsa agus is féidir clárú ar-líne ag www.cnag.ie nó teagmháil a dhéanamh le Brenda Ní Ghairbhí / Máire Ní Dhuiginn sa Chonradh ag eolas@cnag.ie / +353 (0)1 4757401 begin_of_the_skype_highlighting              +353 (0)1 4757401      end_of_the_skype_highlighting chun áit a chur in áireamh.

Tá praghas ar lascaine €180 ar fáil do dhaoine dífhostaithe; d’iarscoláirí; do mhic léinn; do dhaoine scothaosta ar phinsean; agus d’éinne a fhreastalaíonn ar an rang Gaeilge in aisce mar chuid den Oíche Chultúir i gCeannáras an Chonartha i mBaile Átha Cliath ó 7 – 9in, 24 Meán Fómhair 2010.

Tá ranganna Gaeilge eile de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Locha Riach, i nGaillimh, in Inis, i Luimneach, i Maigh Eo agus in áiteanna eile ar fud na tíre freisin. Breathnaigh ar shuíomh an Chonartha ag www.cnag.ie nó bí i dteagmháil linn le breis eolais a fháil mar gheall orthu.

Scríofa ag ar 07.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24