Raidió Fáilte le craoladh beo ó Stormont amárach

Beidh Raidió Fáilte ag craoladh beo ó Stormont amárach mar chuid den Fhéile Pádraig. Beidh clár ar leith á chraoladh beo ón Seomra Fada ag Stormont ó 10.30rn agus ag dul ar aghaidh go 12.30in. Is é Eoghan Ó Néill a bheidh sa diallait ar chúl na míceanna agus tá dréim leis an Aire Caral Ní Chuilinn a bheith i measc na bpolaiteoirí a bheidh ann. Beidh go leor aíonna eile lena chois agus neart ceoil. Thig an clár a éisteacht beo ar www.raidiofailte.com

Scríofa ag ar 13.03.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Raidió Fáilte le craoladh beo ó Stormont amárach”

  1. Darren Mac an Phríora

    Cool!!!

  2. Árdú croí bheith ag éisteacht le Bunscoil Phobal Feirste ag canadh ar an gclár faoi láthair. Maith sibh.
    An rud rialta é bheith ag craoladh ó Stormont? Is cinnte go n-ardaíonn Raidió Fáilte an tón ón áit sin!

    Go n-éirí libh….

Tabhair Freagra

© Nuacht24