Rabhadh dearg ó lucht aimsire, taisme ag stáisiún an Cheantaigh i gCorcaigh

Thuaidh agus theas tá rabhaidh ag dul ó lucht aimsire faoi stoirm mhillteanach atá ag dul a bheith againn go gceann an chuid is mó de lá. Ó omra is buí, go oráiste is dearg atá na rabhaidh agus is iad Tír Chonaill, Maigh Eo, Liatroim, Sligeach agus Gaillimh is measa atá buailte. I gCorcaigh gortaíodh triúr nuair a thit codanna de dhíon stáisiún traenach an Cheantaigh i gCorcaigh. Agus tá cur isteach mhillteanach ar an chóras iompair fud fad na tíre. Moltar don phobal, agus go háirithe do dhaoine atá ar an bhóthar, a bheith iontach cúramach.

Scríofa ag ar 18.12.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

8 Nóta Tráchta ar “Rabhadh dearg ó lucht aimsire, taisme ag stáisiún an Cheantaigh i gCorcaigh”

  1. Fearn

    Nollaig an gaoithe móire?

  2. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Bhí mise i dTír chonaill oíche na stoirme móire agus shíl mé siabfaí díon an tí go bun na hEargaile. Níor scanrú go dtí é dar m’anam.

  3. Fearn

    Maith an rud nach raibh tú i gCorcaigh sa stáisiún traenach!

  4. Pól Réamainn

    An cuimhin leatsa an stoirm na 1839, a Shéamais? Cén aois thú arís?

  5. Fearn

    @ An cuimhin leatsa an stoirm na 1839, a Shéamais? Cén aois thú arís? –

    Sin rud beag dána, nach bhfuil?

  6. Liam Mac L

    Is breá liom tráchtanna Shéamuis i gcónaí. Ach ‘binn béal ina thost’. Mura bhfuil duine ábalta labhairt go ciallmhar, ba chóir dó gan rud ar bith a rá. Tá caighdeán de chuid de na tráchtanna ar an suíomh seo uafásach: cuireann siad léitheoirí ar shiúl gan amhras. Is seirbhís nuachta é seo. Ní ardán d’amadáin é.

  7. Pól Réamainn

    Is breá liom a tráchtanna fosta gus tá mé cinté go bhfuil tuiscint don greann ag Shéamais. B’fhéidir go bhfuil sin rud éigin nach dtuigeann tú.

    Deanann tú gearán faoin caighdeán de chuid de na tráchtanna anseo ach is cosúil go bhfuil sin an trácht amhain atá agat.

  8. Séamus Macseáin Béal Feirste

    Agus aghaidh agam mar atá a Phóil a chara caithfidh mé feith grinn a a bheith agam i dtóladh

Tabhair Freagra

© Nuacht24