Praiseach Brown

Tá Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain iontach buartha go bhfuil dochar déanta dá bhfeachtas i ndiaidh do Gordon Brown ‘bigot’ a thabhairt ar sheanbhean agus gan fios aige go raibh micrafón ag taifead go fóill. Bhí caint teasaí idir Príomh Aire na Breataine agus an bhean, Gillian Duffy. ar shráid in Rochdale. I ngan fhios do Gordon Brown bhí micrafón ag taifead i rith an ama nuair a chuaigh sé ar ais isteach ina charr.

Chualathas é ag tabhairt ‘bigot’ ar an seanbhean agus ag gearán lena hoifigigh gur lig siad di teacht faoina chóngar. Ar ball ghabh Gordon Brown leithsceal ar chlár raidió as olc a chur ar an bhean. Agus i ndiaidh dó labhairt léi ar an fón dúirt sí go vótálfadh sí do Pháirtí an Lucht Oibre!

Scríofa ag ar 28.04.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Praiseach Brown”

  1. Dubhaltach

    Bhí an bhean measartha biogóideach… bíonn an fhírinne searbh.

  2. Bhí an ceart ar fad ag Brown nuair a dúirt sé é sin. Cén fáth a ndéarfadh sí “flocking” mura bhfuil sí biogóideach?

    “flocking” = is ainmhithe iad.

    Tá níos mó measa agam ar Brown anois.

  3. Fearn

    Is minic a bhris focal srón –

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24