Positively Sráid Fhearchair
Beidh idir Sheanadóirí agus Teachtaí Dála, iar-uachtaráin Chonradh na Gaeilge agus iomaí ball ó chraobhacha fud fad na tíre i láthair ag athsheoladh an Cheann-árais leis an Aire Éamon Ó Cuív ar an 23 Feabhra 2010. Beidh Uimhir a Sé ar oscailt don phobal le turais threoraithe ar an bhfoirgneamh ríthábhachtach seo i stair neamhspleáchais na Poblachta óna 4.30 – 6.30in um thráthnóna, le seastán eolais ag gach eagraíocht atá lonnaithe sa bhfoirgneamh ar taispeáint – Conradh na Gaeilge, Ógras, An tOireachtas, Seachtain na Gaeilge, An Siopa Leabhar, Club Chonradh na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, Rith 2010, an tIonad Saor-Chomhairle Dlí agus Glór na nGael san áireamh. Beidh ceol agus sólaistí ar fáil sa Chlub san íoslach i ndiaidh athsheoladh oifigiúil an Cheann-Árais leis an Aire Ó Cuív ag 6.00in.