Pobalbhreith ó thuaidh – SF chun cinn
Bheadh Sinn Féin ar an pháirtí is mó sa tuaisceart dá mbeadh toghchán ann amárach dar le pobalbhreith a rinne an Belfast Telegraph i gcomhar le comhlacht taighdeoireachta, Inform. Cuireann siad in iúl go bhfuil 21% de dhaoine i bhfách le vótáil do Shinn Féin dar leis an phobalbhreith, 18% ar son an DUP, 17% ar son UUP, agus 13% ag an SDLP.