Pobal na Seanchille ag cuimhneamh ar na mairbh

Bhí os cionn míle duine i láthair aréir do mhórshiúil cuimhneacháin ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste chun comóradh ar 25 duine a maraíodh i bpléascáin de chuid an IRA a tharla sa cheantar le linn na dTrioblóidí. Ba é an buama ag siopa éisc Frizell an sleacht is mó ach cuimhníodh fosta ar dhaoine a maraíodh in ionsaithe ar tithe tabhairne agus siopa troscáin chomh maith. Tá sé fiche bliain go cothrom maraíodh  naonar sibhialtach, daoine ó mhórcheantar na Seanchille agus ball den IRA nuair a phléasc buama a bhí Thomas Begley agus Sean Kelly ag thabhairt isteach sa siopa éisc. Ba é cruinniú den UDA an targaid a bhí acu ach ag deireadh na seachtaine seo caite mhaígh Alan Mc Bride gur léir nár cuireadh beatha a mhná chéile ná na sibhialtaigh eile a maraíodh, nár cuireadh san áireamh ar chor ar bith iad nuair a beartaíodh ar an siopa a ionsaí. Maraíodh bean chéile Alan Mc Bride agus athair a mhná chéile san ionsaí. Sa tseachtain i ndiaidh na buama shléachtaigh an UVF/UDA níos mó ná dáréag Caitliceach, díoltas, dar leo, as buama na Seanchille.

Scríofa ag ar 23.10.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Pobal na Seanchille ag cuimhneamh ar na mairbh”

  1. séamus mac seáin Béal Feirste

    d’imigh Colmchille thar tír amach ar deoraíocht mar leorghníomh ar son a ndearna sé i gcogadh fuilteach ina thír dhúchais ,má’s fíor, agus b’ioma rí fado a ghlásáil é féin ar shiúil ó radharc dhaoine i dún daingean na mainistreach as coir a bhí déanta aige ach féach sinne agus na daoine a bhí freagarthach as coir na seanchille ag siúil thart go mortasach á bpríocadh féin agus ag maíomh as á ndíntiúirí síochánta. chuirfeadh sé múisc ar chat dar m’anam. is díol náire iad. ar an taobh eile den scéal is tuar dóchais é iompar an Uasal McBride nach bhfuil iarracht ar bith den fhaltanas ná den fhuath a baint leis cé go bhfuil an tabhar aige. bail ó Dhia.

Tabhair Freagra

© Nuacht24