Dar le POBAL, (go fiú agus gan na mionsonraithe ar fad a bheith ar fáil go fóill), gur chúis díoma e na socruithe polaitiúla atá déanta ó thuaidh ó thaobh na Gaeilge de. Arsa Janet Muller, PF POBAL, ‘Tacaíonn rialtas na hÉireann le hAcht do TE sa dhréachtphlean 20 bliain. Bíonn na pairtithe náisiúnacha ó thuaidh go minic ag tacú leis chomh maith. Tá siad dáiríre faoi, gan amhras. Ach go fóill, nil an cuma airgo bhfuil bearta na meicníochtaí sa doiciméad ,a éisíodh an tseachtain seo, leis an tAcht a chinntiu. Cuirtear fáilte roimh mhaoiniú don Chiste Craoltóireachta Ghaeilge, agus roimh bhuanna beaga eile, ach an leor iad? Nuair a dhéanfar dílárú cumhachtai póilíneachta agus cirt, beidh go fóill cosc ar úsáid na Gaeilge sna cuirteanna abhus. Ach as seo amach, is iad na pairtithe áitiúla a bheidh ag cur an chosc seo I bhfeidhm, agus chan Westminster amháin.’