POBAL ag cur a gcás i gComhdháil Mheiriceá inniu

Tá POBAL, scáth eagras phobal na Gaeilge ó thuaidh le cás na Gaeilge ó thuaidh le cur roimh Theach na Comhdhála Meiriceá ag cruinniú faisnéise speisialta, Dé Máirt 4 Bealtaine. Beidh toscaireacht ó POBAL ag labhairt faoi Acht na Gaeilge : cothrom na Féinne don teanga agus próiseas na síochána. Tá an cruinniú á reáchtáil le tacaíocht ó theachta na Comhdhála, Eliot Engel, Nua Eabhrac agus ta POBAL ag duil le scaifte ag an ócáid. ‘Is chomhtógra é seo idir POBAL agus roinnt eagraíochtaí Meiriceánacha, The Irish American Unity Conference, Brehon Law Society, Ancient Order of Hibernians, Irish American Democrats, Irish American Republicans and Irish Northern Aid. Is deis iontach dúinn tógáil ar an obair s’againne le Meiriceánaigh báúil don teanga, le tionchar a imirt ar fhorbairtí maidir le hAcht na Gaeilge agus cothrom na Féinne don teanga ó thuaidh,’ dúirt Janet Muller Príomhfheidhmeannach POBAL. Ar na toscairí eile ag an chruinniú, beidh Micheál Ó Duibh, Cathaoirleach POBAL, Máirtín Ó Muilleoir, Grúpa Meáin Bhéal Feirste, Domhnall Ó Catháín, Brehon Law Society agus Kate McCabe, Irish American Unity Conference.

Scríofa ag ar 04.05.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24