Pléasc ag mosc sa Liobáin

Maraíodh seachtar duine is fiche ar a laghad nuair a phléasc dhá bhuama taobh amuigh de dhá mhosc in Tripoli na Liobáine.  Gortaíodh níos mó ná 380 duine. Phléasc an chéad bhuama taobh amuigh de mhosc al-Taqwa agus an dara buama taobh amuigh de mhosc al Salam. Dá mhosc Sunni atá i gceist. Bhí daoine díreach ag imeacht ó urnaí na hAoine nuair a phléasc na buamaí. Bhí spás 5 bomaite idir pléascadh an chéad agus an dara buama. Inné rinne eitleáin Iosrael ionsaí ar thargaidí i ndeisceart na Liobáine, tamall i ndiaidh do roinnt raicéid a bheith scaoilte ón cheantar sin isteach in Iosrael. Níor gortaíodh éinne sna hionsaithe úd ach chuir siad go mór le teannas sa tír atá scoilte mar gheall ar imeachtaí in Siria. Coicís ó shin maraíodh fiche seacht duine agus gortaíodh 300 duine nuair a phléasc carrbhuama i ndeisceart Beirut, ionsaí a bhí dírithe ar Hizbollah ach a d’fhág sibhialtaigh marbh.

Scríofa ag ar 23.08.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Pléasc ag mosc sa Liobáin”

  1. Fearn

    I bpárrthas go raibh siad!

Tabhair Freagra

© Nuacht24