Pep Guardiola chun imeacht ó Barca

Tá bainisteoir fhoireann sacar Barcelona, Pep Guardiola, chun éirí as ag deireadh an séasúir. Bhí tuairimíocht ann go n-imeodh Guardiola, atá i ndiaidh 13 trofaí don chlub ó rinneadh bainisteoir de in 2008. Bhí go leor a chreid go raibh sé i ndiaidh an fhoireann is fearr ar domhan a chur le chéile agus cé nár bhain siad a gcluiche i gcoinne Chelsea i gCorn na Seaimpíní an tseachtain seo agus nár éirigh leo an Chorn Spáinneach a bhaint ó Real Maidrid i mbliana is cinnte bo bhfuil siad go fóill ar na foirne is fearr ar domhan. Tá na meáin sa Bhreatain ag tuairimíocht le fada go dtiocfadh Pep Guardiola go Chelsea. Ach níor léirigh sé riamh mórán suime sa chineál peile síorchosantach a d’imir Chelsea ag tús na seachtaine seo agus meastar go bhfuil sé ag dul a thógáil bliain saor seachas bogadh láithreach chuig club eile.

Scríofa ag ar 27.04.2012 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24