Péas Shasana ag ceistiú déagóra i ndiaidh do mhúinteoir a bheith sáite chun báis

Deir na péas i Sasana go bhfuil déagóir 15 bliain d’aois, dalta scoile,  á cheistiú faoi mharú múinteora ag Coláiste Chaitliceach Corpus Christi i Leeds Shasana inniu. Banmhúinteoir an duine a maraíodh tuigtear a bhí i ndiaidh a bheith ag teagasc ann le 40 bliain anuas. Dar le tuairiscithe gur Anne Maguire, 61 bliain d’aois an duine a maraíodh, múinteoir Spáinnise. Deir na péas go bhfuil a bhfiosrú ar ar tharla díreach tosaithe.

Scríofa ag ar 28.04.2014 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Péas Shasana ag ceistiú déagóra i ndiaidh do mhúinteoir a bheith sáite chun báis”

  1. Fearn

    Him! Sin fantasaíocht achan dalta!

  2. Liam Mac L

    Nóta samhnasach..

  3. Dónall

    Ar dheis Dé go raibh an bhean uasail Mhig Uidhir. Déanaim comhbhróin leis an teaghlach.

Tabhair Freagra

© Nuacht24