Oscar Wilde le tine
Tá Irish Ferries i ndiaidh a gcuid seirbhísí idir an tír seo is an Fhrainc a chur ar ceal mar gheall ar an tine a tharla i mbád farantóireachta dá gcuid inné. Ní raibh paisinéirí ar an long, an Oscar Wilde, nuair a thosaigh tine cúpla uair i ndiaidh dó imeacht ó chuan i Falmouth, áit a bhí sé á choiriú. Ní léir go fóill cad a ba chúis leis an tine ach a fhad is go bhfuil an scéal á fhiosrú tá Irish Ferries ag cur stop lena gcuid seirbhísí idir Éire is an Fhrainc.