Osama – beo nó marbh?
Agus seirbhísí slándála Mheiriceá sa tóir air le deich mbliana anuas (más beo é ar chor ar bith), tá na teoiricí comhcheilge faoi Osama Bin Laden líonmhar agus ag éirí níos líonmhaire i rith an ama.
De réir na dteoiricí seo, maraíodh Osama Bin Laden ocht mbliana ó shin i dtrodaireacht in uaimheanna Tora Bora san Afganastáin.
Sin nó gur ghéill sé do ghalar an duáin.
Ach dar le lucht na comhcheilge gurb iad an CIA (ar mhaithe lena gcúiseanna féin) atá ag cruthú físeán dó go fóill agus á choinneáil beo in intinn an phobail.
An tseachtain seo caite, mar shampla, craoladh téip fuaime agus guth le cloisteáil ann ag bagairt ar Mheiriceá agus ar Barack Obama mura dtabharfaí cothrom na Féinne do na Palaistínigh.
Ach ní léir go fóill an Osama Bin Laden a bhí ann. Ní féidir a chruthú ná a bhréagnú. Agus i ndomhan dubh na seirbhísí rúnda, ní thig muinín a chur i bhfocal duine ar bith.
Deirtear go bhfuil na seirbhísí slándála ag cumadh babhdáin sa dóigh is go dtiocfadh leo an cogadh san Afganastáin agus san Iaraic a chosaint agus le go mbeadh leithscéal ag Homeland Security chun leanúint ar aghaidh leis an ‘Chogadh ar an Sceimhlitheoireacht’.
I measc na ndaoine atá ag ceistiú fhírinne na dtéipeanna a tháinig chun tosaigh ó 2001, tá David Ray Griffen, iar-ollamh Diagachta agus ball den ghrúpa ‘Feachtas Fírinne 9/11’.
Grúpa é seo atá amhrasach faoi shonraí na n-ionsaithe a rinneadh ar Nua-Eabhrac ar 9/11.
“Ní féidir cruthú go bhfuil ceann ar bith acu fírinneach, agus is féidir cruthú go cinnte go bhfuil triúr acu bréagach,” arsa an tUasal Griffen.
“Agus má tá duine éigin ag cumadh na dtéipeanna de Bin Laden, tógann sé sin amhras fá na téipeanna uilig – idir fhístéipeanna agus chlostéipeanna.”
De réir Griffen, tá neamhréireanna i gcuid de na téipeanna. Mar shampla, an fhístéip a sheol Roinn Cosanta Mheiriceá, mí na Nollag 2001, ina n-admhaíonn Bin Laden gurbh é a d’eagraigh 9/11.
Deir an tUasal Griffen nach bhfuil cosúlacht Bin Laden ar an teip sin ag teacht leis an chosúlacht a bhí air i dtéipeanna roimhe sin – go bhfuil sé níos raimhre, go bhfuil méara níos lú aige agus fiú, go bhfuil sé ag scríobh leis an lámh chontráilte.
Creideann Griffen go bhfuil an dá fhístéip de Bin Laden, nó is clostéipeanna a mbunús ó 2001, bréagach agus gur chuidigh an fhístéip, a seoladh mí Dheireadh Fómhair 2004, le George Bush a bheith ceaptha ina uachtarán don dara huair.
Ach is í an fhístéip dheireanach a mheallann an cáineadh is mó ó Griffen – fístéip ar bhaist sé ‘Blackbeard: the terrorist tape’ uirthi.
Sa téip sin, tá féasóg dhubh néata ar an fhear de bhunadh na hAraibe Sádaí seachas an ceann fada liath a bhíodh air agus leanann Bin Laden ag caint leis cé go siocann an pictiúr.
Ní ar a aonar atá Griffen i dtaca le hamhras fán fhístéip de, nó tá amhras ar Robert Baer, iarghníomhaire CIA, fá dtaobh de chomh maith, cé go séanann sé go bhfuil lorg láimhe ag rannóga faisnéise an iarthair uirthi.
Ina áit sin, cuireann sé féin teoiric chun tosaigh go mbeadh buntáiste ann do al-Qaeda:
“Is féidir seantéipeanna a athrú sa dóigh is go mbeadh cuma orthu gur téipeanna reatha iad.
“Is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach focail a chur le guth. Is féidir míonna a athrú agus blianta agus thig leat gutaí agus siollaí a thaifeadadh agus iad a chur le chéile agus an scéal a athrú go hiomlán.”
Dearcadh nach raibh Andy Laws, iarscrúdaitheoir íomhánna an RAF, ag teacht leis.
Bhí seisean ar na daoine a rinne scrúdú dlí-eolaíochta don BBC ar théip ‘Blackbeard’, ar théip ó 1998 agus ar an téip ó 2001 faoin ionsaí ar Ionad Trádála an Domhain.
I mbarúil Laws, tá cuma Bin Laden níos raimhre ar théip 2001 cionn is gur cuireadh fotheidil leis agus gur brúdh an íomhá lena linn.
Níl aon amhras air ach gur Bin Laden atá ann ar gach téip.
Cé go n-admaíonn sé gur féidir téipeanna a chumadh, creideann sé nach féidir é a dhéanamh faoi rún.
“Dá mba rud é go ndearnadh amhlaidh, bheadh lámh ag roinnt daoine ann agus déarfainn go mbeadh an scéal i mbéal an phobail fán am seo.”
Ó tharla go bhfuil cothrom le 40 ráiteas déanta ag Bin Laden ó bhí 9/11 ann agus tagairtí reatha iontu – do Barack Obama mar uachtarán, mar shampla – creidtear go bhfuil Bin Laden fós beo.
Agus tá macasamhail Mike Scheur ann, iar-oifigeach CIA, a deir go bhfuil teoiric na comhcheilge “greannmhar”.
Creidtear teoiric na comhcheilge cionn is go bhfuil an fhírinne róshearbh, dar leis:
“Is é an rud deacair ná go bhfuil muid ag feidhmiú san áit is measa ar domhan agus muid sa tóir ar dhuine atá glic agus atá ag déanamh a dhíchill muid a sheacháint.”
Tá an chosúlacht ar Bin Laden go bhfuil ag éirí leis nó de réir Bruce Riedel, cathaoirleach an athbhreithnithe ar pholasaí san Afganastáin/Phacastáin agus a bhfuil an t-eolas uile fá Bin Laden feicthe aige, ní hé go bhfuil an cuartú ar seachrán, ach nach bhfuil eolas an bhealaigh féin acu.
“Níl barúil dá laghad againn cá háit a bhfuil sé.”