OIREACHTAS GAEILGE CHEANADA, 2013

OIREACHTAS GAEILGE CHEANADA, 2013

 

Níl dabht dá laghad ach go bhfuil Gaeltacht Cheanada ag fás aníos.  Ócáid den scoth a bhí in Oireachtas Gaeilge Cheanada arís i mbliana (28 – 30 Meitheamh).  Ba é an tríú bliain as a chéile a reáchtáladh é, agus ba é an ceann is fearr go dtí seo de réir cathaoirleach an choiste stiúrtha, Aralt Mac Giolla Chainnigh

 

Bhí tuairim is 200 i láthair ag an fhéile a reáchtáladh ag Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir in aice le Tamworth/Erinsville Ontairió.  Reáchtáiltear é faoi scáth Chumann na Gaeltachta i gCeanada i bpáirtíocht le hOireachtas na Gaeilge in Éirinn.

 

Soláthraíonn Oireachtas na Gaeilge na moltóirí.  I mbliana, bhí Máirín Nic Dhonnchadha ann mar cheannaire na toscaireachta ó Éirinn, agus in éineacht léi bhí Meaití Jó Shéamuis, Labhrás Sonaí Choilm Léaraí, Loretta Ní Churraighín, Ray Mac Mánais, agus Máirín Uí Chéide (atá ina chónaí i mBostún anois).

 

Thosaigh imeachtaí maidin Dé hAoine, le trí chruinniú bhliantúla: 1) Cumann na Gaeltachta, 2) Comharchumann Sealbhóirí na Gaeltachta, agus Eagraíochtaí Gaeilge Cheanada.  Sa luath-thráthnóna bhí taispeántas chultúr na Gaeltachta le bheith ann i lár na cathrach – i mBáisín an Chéad Bhliain.  Ach ní bhíonn Féile Éireannach cheart ann gan bháisteach, agus níorbh aon eisceacht é Oireachtas Gaeilge Cheanada.  Bhí an oiread sin báisteach go raibh ag na heagraithe an taispeántas a chur ar ceall.

 

Osclaíodh an tOireachtas go hoifigiúil oíche Aoine le haoichaint ó Ray Mac Mánais.  Bhí idir margadh agus dáiríre ina léacht.  Thug sé radharc soiléir agus spreagúil ar fhorbairt Oireachtas na Gaeilge in Éirinn agus ar ról lárnach atá ag an Oireachtas i saol na Gaeilge.

 

Ansin léiríodh dráma an Oireachtais, “Séans” le Brian Ó Baoill.  Bunaíodh an scéal ar theacht ar ais don bheatha, Donncha Rua Mac Con Mara, mór fhile na hÉireann a chaith seal dá shaol i dTalamh an Éisc i gCeanada.  Stiúradh an dráma ag Seán P. Ó Ceallaigh, stiúrthóir cáiliúil ó Bhaile Átha Cliath, atá ina chónaí in Ottawa anois, agus tharraing sé ard-leibhéal gairmiúlacht isteach sa léiriú.  Bhí na taibhithe thar a bheith inchreidte agus inspioráideach, le Máirín Uí Chéide mar an “Bean Feasa, Eitne Mhic Dhiarmada”, agus go mór, mór le Mícheál Newell mar “thaibhse Donncha Rua”.

 

Bhí aimsir mhaith ann le linn na féile faoin aer Dé Sathairn, agus bhí freastal maith ann ag muintir na háite.

 

Ghlac neart iomaitheoir páirt sna comórtais, agus bhí borradh suntasach i gcúpla catagóir: damhsa ar an sean nós, agus cláirseoireacht.  Is dúshlán níos mó iomaitheoirí a fháil faoi choinne comórtas áirithe, mar lúibíní agus agallamh beirte, ach bhí taibhithe breá ann fiú sna catagóirí sin.  Sheas Ray Mac Mánais agus Loretta Ní Churraighín isteach sa bhearna le hagallamh beirte a dhéanamh faoi Naomh Pádraig agus Naomh Bríd.

 

Tá neart duaiseanna á dtairiscint ag Oireachtas Gaeilge Cheanada, díreach mar atá ag Oireachtas na Gaeilge in Éirinn.  Mar sin tá neart buaiteoirí ann fosta.  Níor éirigh níos fearr ag duine ar bith ná Áine Ní Chiaráin.  Buaigh sí an chéad duais i gcomórtas damhsa ar an sean nós, chéad áit in amhránaíocht nach sean nós í, agus dara háit ag leibhéal oscailte amhránaíocht ar an sean nós.  Ba í Yolanta Kruk, ó Montréal, a bhuaigh an chéad duais ag leibhéal oscailte amhránaíochta ar an sean nós.

 

Tá a fhios ag an domhan mór gurbh é Corn Uí Riada an duais is mó taibh-ealaíona na Gaeilge, agus gurbh iad iarbuaiteoirí ag leibhéal oscailte amhránaíochta ar an sean nós amháin a bhfuil cead acu páirt a ghlacadh ann.  Anois go bhfuil 3 bliana ar an fhód ag Oireachtas Gaeilge Cheanada, (agus beirt iarbhuaiteoirí ann mar gheall) bhí sé in am leagan Ceanadach de Chorn Uí Riada a bhunadh.  Corn Mhic Concharraige an t-ainm atá air, in ómós Séamus Mac Concharraige (nó Séamus de Creag mar is fearr aithne air), bunaitheoir Chumann na Gaeltachta.  Mícheál Newell, ó Ros Muc Conamara, atá ina chónaí i mBostún anois, a bhuaigh an mórdhuais i mbliana.

 

Fógraíodh buaiteoirí an chomórtas liteartha le linn an Oireachtais chomh maith.  Míle buíochas do na moltóirí: Anna Heusaff, Mícheál Ó Conghaile, Pádraig Mac Fhearghusa, agus Brian Ó Baoill.

 

Mórdhuais eile a bhaineann le hOireachtas Gaeilge Cheanada ná “Foghlaimeoir na Bliana”.  Feidhmíonn an buaiteoir mar ambasadóir na Gaeilge an bhliain ina dhiaidh na buachana, agus faigheann sí/sé scoláireacht míosa chun freastal ag cúrsa Gaeilge i nGaeltacht Chonamara.  Is í Geneviève Breton an buaiteoir i mbliana.  Frainciseoir ó dhúchas atá inti, agus í ina chónaí i Sherbrooke, cúige Québec.

Scríofa ag ar 04.07.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24