‘Oíche Chultúir’ i nDoire

Tá Doire ag ullmhú do cheiliúradh mór cultúrtha i Meán Fómhair.

Beidh “Oíche Chultúir” ar siúl ar an Aoine 24ú Meán Fómhair chun sráideanna Dhoire a bheochan le sraith imeachtaí cultúrtha, ceardlanna agus gníomhaíochtaí ag teacht chun buaice in iarracht ar churiarracht dhomhanda. Beidh an chathair rannpháirteach le fiche áit eile ar fud an hÉireann i dtráthnóna a spreagfaidh daoine áitiúla chun gníomhaíochtaí agus imeachtaí úra cultúrtha a fhionnadh béal dorais. 

Ó 7.30pm, tabharfaidh Cultúrlann Uí Chanáin i gcomhar le Trad for Trócaire agus Comhaltas Ceoltóirí Eireann na taibheoirí áitiúla is fearr le chéile le haghaidh oíche an-speisialta.  Seinnfidh seinnteoirí fidle, bainseó agus cairdín chomh maith le piobairí uilleann agus ceoltóirí eile rogha scoth an cheoil Ghaelaigh, ag spreagadh idir óg agus chríon teacht leo chun canadh, damhsú nó sult a bhaint as an cheol.  Saor cead isteach. 

Mar chuid den cheiliúradh, d’eagraigh Trócaire (Gníomhaireacht Éireann um Forbairt Thar Lear) sain-iarracht chun Curiarracht Dhomhanda Guinness a ghnóthú ar ‘an tseinm leanúnach is faide ar an bhodhrán’ leis an bhuille á chur ó bhaile go baile ar fud an tuaiscirt.  Tá Trócaire fosta ag spreagadh ionad agus taibheoirí ar fud na hÉireann seisiúin traidisiúnta  a óstáil ó 23ú – 29ú Meán Fómhair chun airgead a thógail dá ngníomhaireachtaí reatha thar lear.  Mar sin de, má tá tú Mad for Trad cheanna féin nó más mian leat dul leis an spraoi, tá fáilte roimh chách teacht leo agus sult a bhaint as an craic.

Le tuilleadh eolais ar Trad for Trócaire nó ar an churiarracht, déan teagmháil le Lawrence McBride ár 02871 357288 nó lmcbride@trocaire.ie. Le tuilleadh eolais ar Chultúrlann Uí Chanáin téigh i dteagmháil ar 02871 264132 nó tabhair cuairt ar  www.culturlann-doire.ie

Scríofa ag ar 08.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24