Nuacht24 clóite – fáil anois ar an eagrán deiridh

Scríofa ag ar 20.05.2010 Rannóg gné-ailt, náisiúnta, nuacht.

7 Nóta Tráchta ar “Nuacht24 clóite – fáil anois ar an eagrán deiridh”

  1. Fearn

    Is mór agam an dua a chuir sibh oraibh fhéin an leagan clóite a chuir ann.
    Molaim bhur ndíogras agus bhur spionnadh.
    Sonas ar bhur lámh agus go n-éirí libh.

    Braithfidh mé Nuacht24 uaim!

  2. MÓC

    Seirbhís iontach a bhí sa nuachtán clóite de Nuacht24 agus is mór liom an fhorbairt atá déanta agaibh ó sin go dtí an suíomh ana-ghairimiúil seo.

    Níl a leithéad – nuacht agus físeáin den scoth – ar fáil aon áit i saol na Gaeilge agus tá ana-ghá leis. Gach rath ar an obair!

  3. Seán Mór

    Is mór an trua go bhfuil deireadh ag teacht leis an leagan clóite de Nuacht 24. Gabhaim buíochas ó chroí libh as an tseirbhís a chuir sibh ar fáil le breis agus bliain anuas, agus is cailliúint an-mhór í seo i saol na Gaeilge…. arís eile! Bhí ardchaighdeán iriseoireachta sna hailt agus fiú sa leagan amach…

  4. Aodhán

    Dul cun cinn atá san athrú seo ón leagan clóite go dtí an nuacht agus na físeáin ar líne.

    An t-idirlíon an todhchaí agus tógann sé mo chroí a fheiceáil go bhfuil na Gaeil chun tosaigh sna forbairtí nua seo.

    Mo cheol sibh.

  5. séamus mac seáin

    is féidir go bhfuil an suíomh úr níos” gairmiúla ” (cibé ciall atá le sin) agus déantar na físeáin go maith (cé bhfuil bomaite amháin ró ghoirid dar liom) ach ag an sean diúlach seo tá an suíomh seo ró chasta agus ró fhuadrach. Tá sé deacair do bhealach a dhéanamh thart air agus ní shílim go bhfuil sé fóirstineach do idir phlé ar líne agus sin sú na beatha dar liom ag suíomh idirlín ar bith. Féadann rud a bheith ró ealaíonta scaití. Tugtar an seán suíomh arais “maitear chuile rud duit”. cad é an Gaeilge atá ar “all fur coat and nó nickers”

  6. Aodhán Arís

    Ní fios dom cén aois cuid de na tráchtóirí anseo, nó cad atá uathu mar shuíomh nuachta, ach tá idir ábhar agus stíl le fáil anseo nach bhfuil le fáil aon áit eile ar líne as Gaeilge.

    Tá scéaltaí Nuacht24, agus anois na físeáin seo, ar an bhforbairt is mó sna meáin Ghaeilge le fada an lá.

    Agus seo sinn ag plé lena chéile, mar sin is áis an-mhaith díospóireachta é chomh maith!

  7. Fearn

    ““all fur coat and nó nickers”

    In ainm Chroim, cad é seo? Aithint bhéarla an teanga, is dóigh?

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24