Nós – ar fáil sna siopaí anois!

nosAs seo amach beidh  an iris chultúir agus stílbheatha NÓS ar fáil i ngach siopa Eason’s sa tír, siopa an Iúir san áireamh.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil NÓS ar an aon fhoilseachán leithleach Gaeilge atá ar fáil chomh forleathan ar fud na tíre.
Forbairt mhór atá ann, ní amháin don iris féin agus do na mheáin Ghaeilge trí chéile.

Má bhíonn aon eolas eile uait déan teagmháil leis an Eagarthóir,

Tomaí Ó Conghaile
Eagarthóir NÓS Editor

+44 77 59837 019
nosmag.com  |  @nosmag

Scríofa ag ar 12.08.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

6 Nóta Tráchta ar “Nós – ar fáil sna siopaí anois!”

  1. Liam Mac L

    Forbairt mhór, cinnte. Cad faoi na hirisí eile? Ní thig leat iris Ghaeilge a fháil i siopa ar bith i nDoire faoi láthair.

  2. Fearn

    @ Ní thig leat iris Ghaeilge a fháil i siopa ar bith i nDoire faoi láthair.

    Díolta amach ag lucht an Fhleaidh, gan amhras!

  3. Pól Réamainn

    An bhfuil sé ar fáil i Londain?

  4. Fearn

    Sin ceist do Bhoris johnston

  5. Liam Mac L

    Níl siad díolta amach ag lucht na Fleidhe toisc nach raibh siad ann do lucht na Fleidhe. An bhfuil duine ar bith amuigh ansin atá ábalta rud éigin ciallmhar a rá ar scaipeadh irisí Gaeilge?

  6. Dónall

    A Liam, a chara, is féidir leat in amanna iarraidh ar dhíoltóirí áitiúla nuachtáin na hirisí a ordú isteach duit.

Tabhair Freagra

© Nuacht24