Nollaig Shona ó Nuacht24

IMG_0379

Oíche na Nollag

 

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha

Tá fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc

Adaigh an tine is téig chun na leapa

Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

 

 

Fágaidh an doras ar leathadh ina choinne

An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht

Deonaigh do shuaimhneas a ligean, a Mhuire,

Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

 

 

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta

Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch

Do cheannaithe olla, do cheannaithe síodha,

Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Máire Mhac an tSaoi

 

Scríofa ag ar 24.12.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Nollaig Shona ó Nuacht24”

  1. Fearn

    Go mba hé daoibhse

  2. Pól Réamainn

    Nollaig Shona Daoibh!

  3. An tAstrálach

    Gurb amhlaibh daoibh ón dtaobh seo domhain

Tabhair Freagra

© Nuacht24