Nollaig mhaith ag TG4

Figiúirí Féachana na Nollag go maith do TG4  

 

Chruthaigh an Nollaig go maith do TG4 de réir na bhfigiúirí féachana ó Nielsen TV Audience Measurement Ireland, an miosúr oifigiúil teilifíse in Éirinn.   Léiríonn na torthaí sin don tréimhse ó Oíche Nollag go Lá Caille gurb é an cainéal Gaeilge an t-aon chainéal dúchais ar éirigh leis scair fhéachana níos airde a fháil faoi Nollaig ná a ghnáth-scair i rith na bliana.    

 

D’fhéach os cionn 2.7 milliún duine ar TG4 le linn na féile, 70% den phobal a d’fhéach ar aon teilifís i rith na Nollag.   

 

Thuill an cainéal scair fhéachana  3.4% i rith na Nollag agus bhí TG4 sa cúigiú háit ar fad san ord tosaíochta teilifíse in Éirinn don fhéile, trí áit níos airde ná a ghnáth-ionad sa margadh i rith na bliana.  Níl féachaint i dTuaisceart Éireann ná ar Sheinnteoir TG4 ar www.tg4.tv sa mbaile agus i gcéin ná ar threalamh  taifeadta pearsanta in Éirinn san áireamh leis na figiúirí féachana teilifíse sin.

 

Ar na cláracha a thuill lucht féachana suntasach faoi Nollaig 2011 do TG4 bhí Rugbaí Beo (Mumha v Connachta) agus Ray McAnally, M’Athair  ar Lá ‘le Stiofáin, agus Geantraí – Na  Chieftains 50 Bliain  agus an clár faisnéise  Michael D – Rás go dtí an tÁras  ar Lá Nollag. 

 

Deir Ardstiúrthóir TG4,  Pól Ó Gallchóir, gur  ábhar sásaimh agus misnigh iad na figiúirí seo dó.  “Glactar leis go bhfuil an iomaíocht Nollag ar an gceann is géire ar fad sa margadh teilifíse in Éirinn,” a dúirt sé  “agus  is mó fós an dúshlán anois ó tá an rogha cainéal ag fairsingiú agus na modhanna féachana ag méadú ó mhí go mí.  Cruthaíonn na torthaí seo go bhfuil meas agus  éileamh ar an rogha sainiúil ábhair atá ar fáil ar an gcainéal s’againne, go háirithe ag an tráth speisialta seo den bhliain.”

Scríofa ag ar 04.01.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24