Níos mó daoine ag cur lámh ina mbás féin

Chuir níos mó daoine lámh ina mbás féin anuraidh ná in 2008. De réir figiúirí a d’éisigh na Samaraitigh do na 26 Chontae inniu chuir  422 fear agus 105 bean lámh ina mbás féin in 2009. Is ardú 28% é sin ar an bhliain 2008. Dar leis an chumann go bhfuil duine as gach deichniúr a scairteanna orthu ag tagairt do cheist a eascraíonn as an chúlú eacnamaíochta. Rinne na Samaraitigh feachtas nua a sheoladh inniu, feachtas atá ag díriú ar fhir idir 30-50 bliain d’aois.

Scríofa ag ar 08.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24