Níl muinín ag an Bhord Póilíneachta ó thuaidh san HET/FFS

Deir an Bord Póilíneachta ó thuaidh nach bhfuil muinín acu as ceannasaíocht an Fhoireann Fiosrúchán Stairiúil, an t-eagras a bunaíodh ó thuaidh chun athscrúdú a dhéanamh ar mharuithe a tharla le linn na dTrioblóidí. Inné dhearbhaigh fiosrúchán ón Her Majesty’s Inspectorate of Constabulary go raibh an FFS claonta ar go leor leor bealaí sa dóigh is gur phléigh siad le cásanna daoine ar mharaigh arm na Breataine iad seachas an dóigh ar phléigh siad le maruithe dhaoine eile. Dhearbhaigh tuarascáil an HMIC mórcháineadh a rinne acadúlaí, Dr Patricia Lundy, a scrúdaigh an scéil 5 bliain ó shin agus a lasc an FFS mórán mar a rinne an HMIC inné. Léirigh a dtaighde go háirithe go raibh níos lú díograise i gceist nuair a rinne an FFS scrúdú ar mharuithe a rinne arm na Breataine i gcomparáid le maruithe a rinne dreamanna eile.

Scríofa ag ar 04.07.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Níl muinín ag an Bhord Póilíneachta ó thuaidh san HET/FFS”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    deir an bord póilíneachta nach bhfuil muinín acu as an FFS an eá ? má thacaigh na haontachtaithe leis an mholadh sin is briseadh fríd bacán é gan amhras. an bhfuil a fhios ag duine gur thacaigh?

Tabhair Freagra

© Nuacht24