‘Niall Óg’ i gCultúrlann Bhéal Feirste

Dé Sathairn 20 Aibreán ar 7in sa Chultúrlann, taispeánfar ‘Niall Óg’, scannán de chuid Bóthar Ard (siúrchomhlacht Ghrúpa Meán Bhéal Feirste) a chuireann síos ar an bhliain a chaith Niall Ó Donnghaile mar Ard-Mhéara ar Bhéal Feirste. Ba é Niall an duine a b’óige riamh a ghlac post an Ard-Mhéara agus ba é an chéad Ghaeilgeoir sa phost é. Is dóigh linn go dtugann an scannán seo do TG4, léargas ar leith ar a bhliain in oifig. Ba í Siobhán Ní Chiobháin an stiúrthóir ar an chlár uair a chloig. Is féidir blaisín den chlár a fheiceáil anseo. – http://cts.vresp.com/c/?BelfastMediaGroup/2cc0438bba/b3d4c42c06/dd0b1bb102/mid=mef094208-a74d-11e2-85c7-00237de32ea8&mts=2013-04-17T11:00:01.993Z&fid=00000000-0000-0000-0000-000000000001&iru=%2fm%2ffolders.m%2f&nmid=me3407b9a-a746-11e2-aed4-002264c15418&nmts=2013-04-17T10:09:31.793Z&rt=true&link=http%3a%2f%2fwww.youtube.com%2fwatch%3fv%3dBAT9ypR7Cos Tá súil agam go mbeidh tú abálta a bheith linn ag an ócáid seo le linn Féile Scannán Bhéal Feirste agus is féidir íoc ag an doras (cead isteach £6). Bhí ‘Niall Óg’ maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Scríofa ag ar 18.04.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24