Ní bheidh deireadh le cogadh na Siria go luath – Lakhdar Brahimi

Deir toscaire speisialta na Náisiúin Aontaithe don Siria, Lakhdar Brahimi, nach bhfeiceann sé aon bhealach gurbh fhéidir cogadh cathartha na Siria a thabhairt chun críche go luath. Dar leis nach gcuideodh sé ar chor ar bith dá gcuirfeadh an tIarthar airm ar fáil do lucht éirí amach, agus mhol sé go gcuirfí le brú taidhleoireachta ar an Uachtarán Assad. Inné dúirt Francois Hollande nach mbeadh an Fhrainc ar son airm a thabhairt do lucht éirí amach sula mbeadh sé soiléir nach gcuirfí na hairm sin a fhad le antoiscigh Ioslamacha atá ag troid i gcoinne an Uachtaráin Assad. Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergei Lavrov, dúirt sé inné go gcuirfeadh an Rúis i gcoinne iarrachtaí chun suíochán is ionadaíocht na Siria ag na Náisiúin Aontaithe a bhronnadh ar lucht éirí amach. Níos luaithe an tseachtain seo bhronn an Conradh Arabach suíochán na Siria sa Chonradh ar lucht éirí amach. Ach deir an Rúis go gcuirfidh siad i gcoinne aon iarracht chun an suíochán ag na Náisiúin Aontaithe a thabhairt do lucht éirí amach na Siria.

Scríofa ag ar 29.03.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Ní bheidh deireadh le cogadh na Siria go luath – Lakhdar Brahimi”

  1. Fearn

    Mar sin, tá an scéal mar a bhí sé le míonna anuas.

    Cén chaoi gur “nuacht” é seo?

  2. [...] wait while we bring you to your page. If the article does not load click here. News247.ie is not responsible for content on any external [...]

Tabhair Freagra

© Nuacht24