Ní bheidh ceannaire an UUP, DUP, TUV san Ord Oráisteach

Ní bheidh aon cheannaire Aontachtach ina bhall den Ord Oráisteach faoi dheireadh na miosa seo. Nuair a dhéanfaidh an UUP ceannaire nua a thoghadh ar 31 Márta ní bheidh sé ina Oráisteach nó níl Mike Nesbitt ná John Mc Allister ina Oráisteach. Ní Oráisteach é Peter Robinson ná Jim Allister. Rud a léiríonn go bhfuil athrú mór tagtha ar stádas an Ord Oráistigh ón am a bhíodh polaiteoirí Aontachtacha ag gach leibhéal agus ó gach aicme ag iarraidh bheith ina mball chun go gcuirfeadh sé lena seasamh agus lena dtacaíocht.

Scríofa ag ar 18.03.2012 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24