Tochailt ag dul ar aghaidh ar trí láthair
Táthar ag leanúint i dtrí chontae le tochailt do na daoine sin a d’iimigh as radharc le linn na dtrioblóidí ó thuaidh. Tá muinín as an nua ag roinnt gaolta leis na daoine a maraíodh i ndiaidh gur aimsíodh taisí i gContae Muineacháin Déardaoin.
Meastar gurb iad taisí Charles Armstrong atá i gceist ach beidh scrúduithe seachtaine de dhíth chun sin a chinntiú.
Fritheadh na taisí níos luaithe sa tseachtain ach níor fógraíodh a n-aimisiú go dtí inniu.
D’imigh Charles Armstrong as láthair nuair a fuadaíodh é i gCrois Mhic Lionainn in 1981. Níor ghlac an IRA riamh leis gurb iad a mharaigh é ach meastar gur Poblachtaigh a bhí freagrach as a mharú.
Bhí cuardach ag dul ar aghaidh le sé mhí san áit a fritheadh an corp, go háirithe ó fuarthas litir sé mhí ó shin ag cur eolas breise ar fáil faoin dúnmharú.
Tá na taisí anois á scrúdú i mBaile Átha Cliath.
is pointe ginearalte agam é ach bíodh agus go séanann Gluaiseacht na Poblachta aon bhaint a bheith acu leis an mharú seo. D’admhaigh siad roimhe seo baint a bheith acu le marú go leor daoine bochta gan coir. Nár dheas an gníomh ionghlanú é ceannaire éigin de chuid na Gluaiseachta a theacht amach agus a rá go raibh siad le seasamh siar ón tsaol phoiblí mar gheall ar an éagóir a rinneadh ar na daoine bochta seo in ainm na Gluaiseachta agus gur tráth leorghníomh é. An bhfuil mé ag súil le barraíocht? Ní bheidh ceart ná cóir le fáil anseo go nglacfaidh daoine freagarthacht phearsánta as na gníomharthaí a rinneadh ina n-ainm san am a chuaigh thart.