Tá muinín agam as Harney – An Taoiseach
Deir an Taoiseach go bhfuil muinín aige as an Aire Mary Harney in ainneoin eolas a bheith ann anois faoi neamart i gcás 60,000 x-gá a rinneadh in ospidéal Tamhlacht le roinnt blianta anuas. Agus é ag caint sa Dáil ar maidin dhiúltaigh an Taoiseach d’éileamh ó Eamonn Gilmore go mbrisfí Mary Harney as a post san atheagar rialtais atá á beartú ag an Taoiseach. Dar leis an Uasal Cowen go bhfuil muinín ar fad aige as an Aire Harney agus mhol sé na leasuithe a chuir sí i bhfeidhm sa chóras sláinte.