Proinsias gan Ghaeilge

Deir urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Frank Feighean, nach bhfuil sé ar intinn aige éirí as a chúram in ainneoin go leor Gaeilgeoirí a bheith míshásta nach bhfuil aon Ghaeilge aige.

Dar leis agus é ag caint ar RTÉ ar maidin, dar leis nach bhfuil aon mhórfhadhb aige a chuid oibre a dhéanamh cionn is nach bhfuil Gaeilge aige.

Deir sé go bhfuil sé ag foghlaim na teanga anois agus go bhfuil Dinny Mc Ginley agus Enda Ó Cionnaith ag cuidiú le gnéithe eile den obair a bhíonn le déanamh aige.

Ach is beag a dhéanfaidh a chuid cainte chun baint den mhíshásamh atá coitianta i measc Gaeilgeoirí a mhothaíonn gur maslach an rud duine gan Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta, rud a rinneadh nuair a ceapadh Síle de Valera agus Michael Ring roimhe seo agus nuair a cheap Cathal Ó hEochaidh é fén ina Aire Gaeltachta!

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 30.07.2010 Rannóg náisiúnta.

1 Nóta Tráchta ar “Proinsias gan Ghaeilge”

  1. séamus mac seáin

    ar bhealach léiríonn an ceapúchán seo laige Ghluaiseacht na Gaeilge. Tá muid chomh beag de thabhacht go síleann na Páirtithe Polaitiúla go dtig leo neamhiontas iomlán a dhéanamh dínn agus ní Fine Gael amháin a shíleann sin. Bhí Síle DeValera ina hÁire Gaeltachta lá den tsaol do Fhianna Fail agus gan focal Gaeilge ina pluic aicí ach an síleann duine ar bith go dtabharfaidh páirtí polaitiúl ar bith aird ar litir oscáilte ó bhaicle de “mhaithe móra ” na Gaeilge ar na nuachtáin? Beag an seans. Scéal eile ar fad é dar ndóigh dá mheadh na maithe móra céanna sásta teagmhail a dhéanamh le 20 teaghlach in achan ceantar Gaelscoile (agus go h-áirithe i gceantar mór choimhlinte Pháirtí) agus iarraidh orthu a rá le Fine Gael go séanfaí cúpla céad bhóta orthú ag an chéad toghchán eile muna n-áthródh siad béasaí is feidir go mbeadh toradh air ach tá sin níos deacaire a dhéanamh ná do ainm “naofa” a ligint a fhad le Nuachtán. Tá ár sá de gheatsaíocht againn i maorlathas na Ghluaiseacht gan na pearsa móra cur leis.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24