Nua-Eabhrac, Nua-Bhéal Feirste
Ag an Chultúrlann inné rinneadh a lainseáil an comhdháil Nua Eabhrac – Nua Bhéal Feirste. Sa ghrianghraf feictear Dvid Lyle, ceannasaí ar CEO of Lyle-Bailie International agus comhalta de Bhord Tourism Ireland, Alison Sweeney ó Ghrúpa Meán Bhéal Feirste, Eimear Ní Mhathúna ó An Chultúrlann agus Paul Maskey , balltionóil, atá ina chathaoirleach ar an áisíneacht turasóireachta Fáilte Feirste Thiar.
Beidh an chomhdháil ann i Nua Eabhrac ó 9-11 Meitheamh agus e á reachtáil faoi scath Ghrúpa Meán Bhéal Feirste. Beidh daoine ó shaol gnó is turasóireacht sa dá chathair orthu sin a bheidh i láthair ann. Beidh Cathaoirleach ar an CBI sa tuaisceart, Terence Brannigan agus ceannasaí ar Choiste Chuain Bhéal Feirste, Len O’Hagan páirteach mar aon le Sean Paul O’Hare ó Fhéile an Phobail Patricia Freedman, Coiste Stiúrtha Cheathrú na hArdeaglaise, Niall Gibbons, ceannasaí ar Tourism Ireland, agus Harry Connolly ó Fáilte Feirste Thiar.
Is í Christine Quinn, Cathaoirleach ar Chomhairle Chathrach Nua Eabhrac a osclóidh an chomhdháil ag Ollscoil Fordham go hoifigiúil. Beidh toscaire eacnamaíochta an Uachtarán Obama, Declan Kelly páirteach sna himeachtaí chomh maith.
Chun clárú ag an ócáid nó chun eolas a fháil thig déanamh amhlaidh ach dul chuig