‘Ghlacfainn le Céad Aire Poblachtach’ – Paisley

Deir Ian Paisley go nglacfadh sé le Sinn Féiní a bheith ina Chéad Aire sa tuaisceart. Thug sé sin le fios in agallamh leis an nuachtán an News Letter. Chuir sé in iúl go mbeadh air glacadh le toil an phobail agus i dtagairt a síltear a bheith ina cáineadh ar Peter Robinson agus ceannairí reatha an DUP chuimhnigh sé nár tharla Céad Aire de chuid Shinn Féin ‘ on my watch.’  Tá dearcadh Ian Paisley ag teacht salach ar go leor polaiteoirí aontachtacha a chuir in iúl go mbeadh sé ‘doghlactha’ dá mbeadh Sinn Féineach ina Chéad Aire.

Scríofa ag Eoghan Ó Néill ar 27.07.2010 Rannóg náisiúnta.

1 Nóta Tráchta ar “‘Ghlacfainn le Céad Aire Poblachtach’ – Paisley”

  1. Maith é!

    Is mó a chreidim anois sa nath cainte úd – ‘Tagann ciall le haois’!

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24