Gaeilge ag Westminster Shasana

Bhí míshásamh le sonrú i roinnt nuachtáin Sasanacha an tseachtain seo caite nuair a labhair fear óg ó Chontae Dhoire Gaeilge i dtithe parlaiminte Westminster.

Agus míshásamh i measc daoine éagsúla in Éirinn gur labhair ‘ball de Shinn Féin’ ag Parlaimint Westminster.

Mhaígh tráchtairí áirithe go bhfuil sé soiléir nach bhfuil Sinn Féin anois dáiríre faoina bpolasaí de bheith ag diúltú dul go Westminster.

Cé gur chuir nuachtáin áirithe in iúl gur ball de Shinn Féin é Conor Morgan ní léir go bhfuil sin cruinn.

Ach is cinnte gur Poblachtach é agus gur chothaigh sin díospóireacht faoi pholasaí Shinn Féin maidir le Westminster.

Tá an tUasal Morgan, ar as Machaire Ratha dó, ag déanamh staidéir ar pholaitíocht ag Ollscoil Leeds, agus bhí sé in Westminster mar ionadaí de chuid na Sé Chontae in ÓgPharlaimint na Ríochta Aontaithe.

Labhair sé tamall beag i nGaeilge sula ndearna sé ráiteas níos mó faoi thaillí ollscoile.

Is annamh a chualathas Gaeilge á labhairt ag Westminster Shasana cé gur ghlac banfheisire leis na Liobrálaigh, Ray Michie, a móid dílseachta i nGaeilge Albain in 2001.

Scríofa ag ar 01.11.2010 Rannóg náisiúnta.

2 Nóta Tráchta ar “Gaeilge ag Westminster Shasana”

  1. Séamus

    Deir Morgan féin san Independent gur ball de Shinn Féin é ach go bhfuil sin “iomlán neamhábhartha” maidir lena láithreacht i Westminster.

  2. fintan

    dúradh ar an Irish News an lá faoi dheireadh nach ‘card carrying member’ é. Ach tá barúil agam gur ball d’Ógra Shinn Féin atá ann. Ach splitting hairs. Níl aon chuma ar an scéal gur rún do Shinn Féin athrú ar an pholasaí neamhláithreachta atá acu maidir le Westminster.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24