Brian Shivers “ciontach” as ionsaí Massereene

Fuarthas Brian Shivers ciontach i gCúirt Chorónach Aontroma inniu as dúnmhárú bheirt saighdiúirí Briotanacha taobh amuigh de bheairic airm sa chontae in 2009.

Maraíodh Patrick Azimkar agus Mark Quinsey nuair a scaoileadh iad ag geataí bhunáit Massereene i Márta trí bliana ó shin agus rialaigh an Breitheamh Anthony Hart inniu go raibh Shivers bainteach leis an ionsaí.

Is mar gheall ar DNA a fuarthas ar ghuthán póca agus ar chipíní, agus a bhí fosta sa charr a deirtear gur úsáideadh ar an oíche, a rinneadh an cinneadh.

Shéan Shivers, atá 46 bliain d’aois agus arb as Machaire Fíolta i gContae Dhoire dó, go raibh aon pháirt aige san ionsaí agus gur dhúirt dochtúir leis le déanaí nach raibh mórán blianta fágtha aige de bharr cúrsaí sláinte.

Ní ba luaithe fuarthas Colin Duffy as an Lorgain i gContae Ard Mhacha neamhchiontach.

Scríofa ag ar 20.01.2012 Rannóg náisiúnta.

Tabhair Freagra

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24