Bíodh reifreann faoi athaontú na tíre ann – Mc Guinness

Ba cheart reifreann faoi Éirinn athaontaithe a bheith ann am éigin idir 2016-2020, dar le Martin Mc Guinness.

In agallamh a thug sé don nuachtán ‘Irish Examiner’ mhaígh sé gur beag seans go mbeadh an dream a bhfuil cumhacht acu sna cúrsaí seo sásta a leithéid de reifreann a thionól roimh 2016.

Ach, deir sé, thiocfadh leis tarlúint idir 2016-2020/21. Rud a bheadh ciallmhar go maith dar leis.

Scríofa ag ar 30.01.2012 Rannóg náisiúnta.

3 Nóta Tráchta ar “Bíodh reifreann faoi athaontú na tíre ann – Mc Guinness”

  1. Séamus Mac Seáin B'Feirste

    i mo bhárúil is mó seans go rachadh pobal na 26 Co. isteach arais sa Ríocht Aontaithe nó go rachadh tromlach mhuintir na sé gContae isteach in Éire Aontaithe mar atá cúrsaí anois. Tá gach páirtí mór polaitiúl sa tír (SF san áireamh) sona go maith leis an chríochdheighilt agus tathar á cur i bhfeidhm le díograis. Níl sa chaint seo uilig ach bladhmann dar liom ón pháirtí is bladhmannaí sa tír ach tá daoine saonta ann a chreidfidh é. Cleas eile é seo le cluain a chur ar chuid da dtacadóirí a chreideann go fóill sa phoblachtánachas mar a bh i fadó. “Deatach agus scatháin” dar m’anam

  2. Sean Mór

    Ar dtús bhí ‘An Cogadh Fada’ ann, agus anois tá ‘An Mhéar Fhada’ ann. San am céanna, is dócha go bhfuil an bóthar áirithe seo ar a bhfuil muid níos síochánta ar a laghad, agus tá mé buíoch as sin…

  3. Séamus Mac Seáin B'Feirste

    níl ann a Sheáin Mhóir ach go bhféadfadh an tsíocháin sin a bheith againn sna 70′i ach muid glacadh leis an rud atá anois againn. Ní bheadh de dhifir ann ach nach mbeadh na daoine céanna i gcumhacht. Dhíol muid go daor as dream amháin a theacht i gcumhacht seachas dream eile. Níor bhfiú na braonta fola ar son a bhfuair muid dar liom.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24