Na hEaspaig chun cur i gcoinne reachtaíochta ginmhillte

Tá na hEaspaig Caitliceacha ag moladh do dhaoine cur i gcoinne na reachtaíocht nua maidir le ginmhilleadh. Dar leis an Chairdinéal Sean Brady go gcuireann an reachtaíocht dualgas ar ospidéil Chaitliceacha ginmhilleadh a chur ar fáil. Dar leis nach gá an reachtaíocht seo chun a bheith cinnte de go bhfaigheann bean an leigheas a bhíonn de dhíth uirthi chun a beatha a chosaint le linn di a bheith torthach. Maíonn an Cairdinéal go mbeidh impleachtaí ag an reachtaíocht seo don soláthar bunreachtúil atá ann i láthair na huaire agus a thugann meas, dar leis, do creidimh éagsúla. Thuar sé go gcruthódh an reachtaíocht nua fadhbanna do chreideamh coinsiasa go leor saoránach.

Scríofa ag ar 03.05.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Na hEaspaig chun cur i gcoinne reachtaíochta ginmhillte”

  1. Fearn

    Cá bhfuil an Nuacht?

  2. Is Mithid.

  3. Pól Réamainn

    Na hEaspaig chun cur i gcoinne reachtaíochta ginmhillte – An bhfúil an Phapa caitliceach?

Tabhair Freagra

© Nuacht24