Na Conallaigh sa chluiche ceannais

Beidh Dún na nGall sa chluiche ceannais ag Páirc an Chrocaigh den chéad uair ó 1992 ó chloígh siad Corcaigh sa chluiche leathcheannais inniu. Bhí bua 0-16 to 1-11 acu agus cé go ndearna Corcaigh an bhearna eatarthu a chungú sna bomaití deireanacha bhí an cuma air ó luath sa chluiche go mbeadh an bua ag na hUltaigh. Bhí siad 0-8 to 0-7 ag leathama agus shaothraigh Rory Kavanagh do na Conallaigh agus Colm ó Néill do Chorcaigh thar a bheith maith. Ach feadh an dara leath d’imir siad scothchluiche agus chuir go mór leis an bhearna. Thug Colm ó Néill dóchas dóibh nuair a fuair sé cúl i dtreo an deiridh ach ní raibh amhras ar an 55,169 duine sa lucht féachána gur ag Jim Mc Guinness a bheadh an bua ar an lá agus b”amhlaidh é. Buailfidh siad anois le cibé foireann a bhaineann ar an chaismirt idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath Dé Domhnaigh seo chugainn.

 

Scríofa ag ar 26.08.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht, spórt.

Tabhair Freagra

© Nuacht24