Na Ceithre Léiriú le Donall Mac Billing
Na Ceithre Léiriú agus Caint sa Ghaeilge ‘amháin’
de trí Dhiosca digiteacha il-úsáide
agus Feidhmchlár do ghléasanna Android.
Beidh Ceithre Léiriú agus Caint sa Ghaeilge ‘amháin’
ar siúl in Óstán Armas an Longfoirt
Dé Sathairn ar an 26/07/2014 idir 2-6 i.n. Cuirfear fáilte roimh chách !!!
Léiriú agus caint – 1. ‘Gaeil-Feirste a h-aon’
Chuir mé an Dlúthdhiosca Cuimhne Léamh Amháin (DD-CLA)‘Gaeil-Feirste(1) a h-Aon’ ar an mhargadh sa bhiain 1996 ag tabhairt cur síos ar an Ghaeltacht i mBéal Feirste ag an am sin.
Léiriú agus caint – 2. ‘Gaeil-Feirste a trí déag’
Seo agaibh anois ‘Gaeil-Feirste(13) a Trí Déag’. Is cuairt ilmheánach theagmhála í ar an Ghaeltacht i mBéal Feirste sa bhliain 2011/12.
Léiriú agus caint – 3. ‘Fionn Mac Cumhaill agus Clochán na bhFómhórach (2003)’
“Seo DD-CLA ilmheánach teagmhála sa dá theanga(Gaeilge/Béarla) atá bunaithe ar leabhar grinn sa Bhéarla a scríobh agus a mhaisigh an t-ealaíontóir clúitheach Stephen Hall ó Bhaile an Chláir, Co. Aontroma. Baineann ábhar an leabhair ghrinn leis an dóigh a thóg Fionn Mac Cumhaill, Clóchán na bhFómhórach(de réir an tSeanchais???) agus rinne mé iarracht seo a léiriú ag baint úsáid as téasc, graificí, físeán, ceol, caint, anamúlacht srl. le beocht a chur sa scéal grinn seo.”
Léiriú agus caint – 4. ‘An Ghaeilge 130’ — Feidhmhchlár do ‘Android’(2014/15).
“Seo iarracht sampla de ghnéithe éagsúla na Gaeilge atá le fáil ar an Idirlíon a nascadh le chéile ó shuíomhanna idirlín, tráchtanna, físeáin, leathanaigh de chuid ‘Facebook’, ráitis ‘Twitter’ agus iad a chur le chéile in aon ‘Fheidhmchlár’ simplí amháin. “