Mohamed Al Baradei ag éirí as mar leasUachtarán na hÉigipte

In óráid a craoladh ar theilifís na hÉigipte anocht dúirt Hazem Beblawi, an tUachtarán a cheap an t-arm le bheith i gceannas na tire, go raibh an cinneadh chun gníomhú I gcoinne léirsitheoirí ‘deacair’ ach go mba éigean é a dhéanamh. Mhol sé na peas as a ‘féinsmacht.’ Fógraíodh tráthnóna go bhfuil an leasUachtarán na hÉigpte agus buaiteoir ar an Ghradam Nobel, Mohamed Al Baradei chun éirí as gan mhoill. Thug rialtas Mheiriceá le fios gur phléigh sé a chinneadh leis an Aire Stáit John Kerry roimh éirí as. Tagann an casadh seo i ndiaidh an lá is fuiltí i stair na hÉigipte ó cuireadh ruaig ar an iarUachtarán Mubarak. Sheol an tUasal Al Baradei litir chuig an Uachtarán ag cur in iúl go bhfuil sé chun éirí as an rialtas, rialtas a tháinig i gcumhacht roinnt seachtainí ó shin le tacaíocht an airm.  De réir na bhfigiúirí oifigiúla maraíodh 149 duine i bhforneart an lae inniu, suas le 40 acu sin taobh amuigh de Chaireo. Ach meastar go bhfuil lion na marbh I bhfad níos airde ná sin.

Scríofa ag ar 14.08.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Mohamed Al Baradei ag éirí as mar leasUachtarán na hÉigipte”

  1. Pól Réamainn

    Anois, an gcuirfidh SAM a cabhair leis an arm na hÉigipte ar fionraí?

Tabhair Freagra

© Nuacht24